School: Clonmellon (B.) (roll number 9500)

Location:
Clonmellon, Co. Westmeath
Teacher:
P. Ó Droighneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0725, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0725, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clonmellon (B.)
  2. XML Page 004
  3. XML “Na Chapmans”
  4. XML “Scoileanna Chluain Mioláin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhí le feiceál i bhfad uait ar imeall an "estait" ó fuinneóga an Chaisleáin. Chaitfeadh an "ball dubh" sin a bhaint amach ó n-a áit! Bhí muinntir Uí Mháirtín faoi chíos acú agus b'eigean dobhtha a leigint do'n Tighearna a dteach-chomhnuidhe a leagadh cloch ar chloic agus a áth-thógáil in-áit nuaidh nach rabh ar amharc ó fhuinaneóga an Chaisleáin sidh go rabh sé achar fada níos fuide ar shuibhal o'n bhaile. Tá Muinntir Uí Mháirtín san áit nuaidh sin ó shoin.
    Bhí teach eile suidhte fá amharc an Chaisleáin fosda. Ba le muinntir Bell é ( Tá siad ann go fóill). Ba leis na Bells a dteach féin agus ní rabh siad toiltennach corruighe as an áit. Ní rabh an dara bealach ann leis an Chaisleán a chumhdach ó amharc an teaíchín seo acht fál mór crann a chur taobh an Chaisleáin de teach Bell. - rud a rinneadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí sgoil na mbuachaillí faoi Mháiistir Phrátastúnach ó tharla gur de'n Chreideamh an bunadhas na mbuachaillí sgoile. Tógadh teach na sgoile sa bhliadhann 1803. Lá amháin nuair a chuaidh an sagart Paróisde (an Sagart O h-Éilidhe) isteach innte fuair sé "tracts" (duilleóigíní Prátastunacha) i lámha a chomh-chreidimhthe óg annsin. Bean-uasal de chuid na Chapmans a Rann orthí iad. Chuir an sagart na sgolairí Caitlíceacha 'na seasamh láithreach bonn agus shiubhail sé amach leobhtha. Ní dheachaidh siad arais annsin. Bhí sgoil na gCailíní san áit a bhfuil sé go fóill agus í faoi Mháighistreas Chaitlecigh (Sílim). Roinneadh an sgoil sin in-a dhá leath agus cuireadh na buachaillí Caitliceacha isteach i leath-amháin díthe(?) leobhtha féin feasda. Tamall in-a dhiaidh sin fuair an sagart an sgoil eile arais faoi n-a stiúir (mar Sgoil Náisúinta). Máighistir Caitliceach a bhí in-a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Informant
    Charles Fox
    Gender
    Male
    Occupation
    Mac ceannaithe
    Address
    Clonmellon, Co. Westmeath