School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(Deirtear go bhfuil pairch i gCill na Inóis (?) (Éidhneach) go mbiodh an "Glas Geibhneach" ag inbhear ann fadó. Anois nuair a théigeann aiminidhe ar bith isteach ann, ní thagann siad amach as nó go dteigtear fé na ndéin)
geóbhair é agus fáilte. Fuair sé an deoch. D'ól sé í agus do gaibh a bhuidheachas agus d'imthigh.Ar maidin lá ar na bháireach nuair d'éirigh an bhean bhocht cad a bheadh na seasamh ag an doras ach bhó bhreágh. Fuair an bhean árthrach agus do chrúidh sí an bhó. Do bhí áhas ar an mnaoi an méid im bhainne a bheith aicí, agus d'imthigh an bhó an bhóithrín síos. I gceann cúpla uair a chluig nó mar sin tháinig an bhó arís go dí an doras. Is ionghantach an bhó í seó arsan bhean nuair do chonnaic sí an dara uair í, agus fuair sí ártrach agus do chruidh sí í go raibh an t-árthrach lán. Ní raibh aon deireadh le bainne na bó úd. Pé árthrach a bheadh ag an mnaoi do líonfadh sí í. Do bhí breis agus a dóthain bainne ón lá san amach ag mnaoi an tíghe sin. Ba mhó go mór de bhainne a bhí aici ná mar a bhí ag an mnaoi a thug (?) an t-eiteach don duine bocht a bhí ag lorg díghe uaithi (?). Ní ceart an t-eiteach a thabhairt do dhuine bocht más féidir é.
* * * * *
Glas geibhneach a tugtar ar an mbuin sin. Do bhíodh sí ag dul mór thimceall Co. an Chláir, agus aon soitheach a cuirfí fuithí, do líonfadh sí é. Bhí bean ó Inis Díómáin ag bóisteáil lá go bhfuigfeadh sí soitheach nach líonfadh an bhó. Fuair sí criathar- Collector
- Máire Ní Chonnaighle
- Gender
- Female
- Informant
- Bríghid Ní Chonnaighle
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Letterkelly, Co. Clare