Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 012
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (Deirtear go bhfuil pairch i gCill na Inóis (?) (Éidhneach) go mbiodh an "Glas Geibhneach" ag inbhear ann fadó. Anois nuair a théigeann aiminidhe ar bith isteach ann, ní thagann siad amach as nó go dteigtear fé na ndéin)

    geóbhair é agus fáilte. Fuair sé an deoch. D'ól sé í agus do gaibh a bhuidheachas agus d'imthigh.
    Ar maidin lá ar na bháireach nuair d'éirigh an bhean bhocht cad a bheadh na seasamh ag an doras ach bhó bhreágh. Fuair an bhean árthrach agus do chrúidh sí an bhó. Do bhí áhas ar an mnaoi an méid im bhainne a bheith aicí, agus d'imthigh an bhó an bhóithrín síos. I gceann cúpla uair a chluig nó mar sin tháinig an bhó arís go dí an doras. Is ionghantach an bhó í seó arsan bhean nuair do chonnaic sí an dara uair í, agus fuair sí ártrach agus do chruidh sí í go raibh an t-árthrach lán. Ní raibh aon deireadh le bainne na bó úd. Pé árthrach a bheadh ag an mnaoi do líonfadh sí í. Do bhí breis agus a dóthain bainne ón lá san amach ag mnaoi an tíghe sin. Ba mhó go mór de bhainne a bhí aici ná mar a bhí ag an mnaoi a thug (?) an t-eiteach don duine bocht a bhí ag lorg díghe uaithi (?). Ní ceart an t-eiteach a thabhairt do dhuine bocht más féidir é.

    * * * * *

    Glas geibhneach a tugtar ar an mbuin sin. Do bhíodh sí ag dul mór thimceall Co. an Chláir, agus aon soitheach a cuirfí fuithí, do líonfadh sí é. Bhí bean ó Inis Díómáin ag bóisteáil lá go bhfuigfeadh sí soitheach nach líonfadh an bhó. Fuair sí criathar
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonnaighle
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Chonnaighle
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Letterkelly, Co. an Chláir