Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonn ciorcal mór thimcheall na gealaighe comhartha báistíghe é. Nuair a cítear barraicín ar bhárr Shliabh Calláin gur cómhartha báistíghe é. Nuair atá sléibhte ar nós Sléibhte Ciarraighe le feiceáil go soiléir dhuit gur cómhairthe báistíghe é. Nuair a cítear na fáinleoige ag eiteall go hárd san spéir cómhairtha soininne é, agus nuair a bhíonn siad ag eiteall beagnach ar an dtalamh gur cómhairtha doininne é. Nuair a cíthear an cat agus a dhrom leis na teine is cómhairtha báistíghe é. Nuair a cíthear a lán cuileóga beaga ar an fhuinneóg gur cómhairtha báistíghe é. An gaoth aniar is mó a bheireann fearthainne. Nuair a chíthear a lán réiltíni san spéir gur cómhairtha sheacha é. Nuair a cíthear na faoileáin ag teacht ón bhfarraige gur cómhairthe stoirme é. Nuair is féidir le duine glór na traenach do cloisint agus an deatach go ciúin comhartha seacha é. Deirtear gur comhartha baistíghe é nuair a thagann na gcapaill in aice na dtighthe nó na bhfallaí cun foithin. Nuair a bhíonn scamaill bána san spéir agus an aimsear fuar deirtear gur comhartha sneachta é. Nuair a bhíonn na réilthíní ag leimrigh san spéir gur comhartha é go bhfuil sé ag cur sheacha. Nuair thuiteann sút ón t-seimné gur comhartha baistighe é freisin. Sé an comhartha atá aca i dtaobh na stoirme nuair a bhíonn an cat ag sgragadh a h-iongne i gcoinnibh píosa adhmaid agus nuair bhíonn an faoláin bán ag teacht isteach ón bhfairrge.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mháile
- Inscne
- Baineann
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Bailitheoir
- Maire Ní Chrádfórd
- Inscne
- Baineann
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hÉaghráin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Úi Mheidg
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Cloghaun More, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Fhaoithig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Glendine South, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mach Mathghamhna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Glendine South, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Ó hÉaghráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Eidhneach, Co. an Chláir