Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 105
- XML “Ainmhithe Allta”
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)on account of a hare which was always to be seen at the door.
- Bíonn an arc luachra le fagháíl ins na portaigh. Deirtear gur mí-ádhmharach do dhuine, arc luachra dul isteach na bholg amr go mbeadh an fíor-gortach air igcómhnuidhe. Ní sásócadh aon bídh é.Tá leigheas i ceann an eascon cun warts. An té a chuireann a theanga ar arc luachra bíonn leigeas aige ar dhuine a bheadh dóighte leis an dteine.Fear maith reatha, deirtear go bhfuil sé cómh méar le girrfiadh Márta.Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag obair in a phortach lá amháin. Do luighe sé ar an dtalamh agus do thuit a chodladh air. Bhí arc luachra ins an áit na raibh sé na chodladh agus chuaidh sé isteach na bhéal agus sios 'na bholag. Tháinig an fear abhaile, agus d'innis sé an sgeal go léir dá athair agus dá mháthair. Bhí sé ag cuimhneamh cad ba dhó a dhéanamh. Do cheangal sé a chosa agus crocadh é as bárr an tíghe agus a cheann síos fuair siad pláta feóíl agus é rósta. Cuireadh faoi (?) na bhéal é. Annsan fuair an arc luachra boladh na feola agus thaínig sé amach agus marbhuigheadh é.