Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na h-ainmhidhthe allta atá le fagháil im cheanntar-sa, ná an coinín, an giarrfiadh, an madra ruadh, an broc, an ottar, gránóg, an easóg, an luc agus an franncach.Deineann an coinín a lán díoghbhála don fheirmeóir mar goideann sé agus itheann sé a cuid turnaipí, agus prátaí. Cómhnuigheann sé féin dtalamh. Marbhuightear é uaireannta agus ithtear a cuid feóla.Tá an giarrfiadh níos mó ná an coinín acht níl sé cómh díoghbhálach san. Marbhuightear an giarrfiadh agus ithtear a cuid feóla freisin.Deineann an madra ruadh a lán díoghbhála ar fad don fheirmeóir, mar tagann sé istoidhche agus goideann se agus itheann sé cearca, lacain, geanna agus turcaithe bhíonn aige. Cómhnuigheann se fén dtalamh i bpoll. Tá glaodhach mór ar fionnadh an madra ruadh, mar deintear Fur as igcóir cótaí na mban.Deirtear go bhfuil broc, agus ottar le fagháíl san alt, sin saghas easa atá ar thaobh Sliabh Calláin.Ainmhidhe beag iseadh an gránóg. Bíonn cóta air agus is féidir leis é do caitheamh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Mhathúna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gill Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir