Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sliabh inaice le Inis Diomáin, Co. anChláir agus do marbhuigheadh sagart ann in aimsear na bpéin dlighthe. Tugtar ceathrú cloiche ar an sliabh anois. Deirtear nár fhás aon fhéar glas ann ó shoin acht rud dubh nách bhfuil aon mhaith ionnta. Tá carraig ag bun na sléibhe agus tugtar carraig na fola air. Is amhlaidh bhí an sagart ag léighiú an aifrinn ar an gcarraig sin, agus tháinig na saighdiúrí timcheall air agus marbhuigeadar ann é. D'fhág sé a mhéire ar an gcarraig agus tá rian na méire le feisgint ann go dtí an lá indiú. Agus ón lá san amach tugtar carraig na fola air.
Seó sgéal eile mar gheall ar na bpéin dlighthe.Bhí cómhnuidhe ar phrotastúnach darbainm Colphuiseach san dúthaig na bhfuil teampall Cill Bheatha anois, sé sin ar an gcósta iartharach deich míle nó mar sin ó Sráid na Cathrach, Co. an Chláir. Ba leis léar mór thalmhan ann - súd, agus bhí fuath cómh láidir san aige igcoinnibh na gcaitiliceach ná leigfeadh sé sagart aifreann do rádh ar a chuid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhathúna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gill Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir