School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sliabh inaice le Inis Diomáin, Co. anChláir agus do marbhuigheadh sagart ann in aimsear na bpéin dlighthe. Tugtar ceathrú cloiche ar an sliabh anois. Deirtear nár fhás aon fhéar glas ann ó shoin acht rud dubh nách bhfuil aon mhaith ionnta. Tá carraig ag bun na sléibhe agus tugtar carraig na fola air. Is amhlaidh bhí an sagart ag léighiú an aifrinn ar an gcarraig sin, agus tháinig na saighdiúrí timcheall air agus marbhuigeadar ann é. D'fhág sé a mhéire ar an gcarraig agus tá rian na méire le feisgint ann go dtí an lá indiú. Agus ón lá san amach tugtar carraig na fola air.
Seó sgéal eile mar gheall ar na bpéin dlighthe.Bhí cómhnuidhe ar phrotastúnach darbainm Colphuiseach san dúthaig na bhfuil teampall Cill Bheatha anois, sé sin ar an gcósta iartharach deich míle nó mar sin ó Sráid na Cathrach, Co. an Chláir. Ba leis léar mór thalmhan ann - súd, agus bhí fuath cómh láidir san aige igcoinnibh na gcaitiliceach ná leigfeadh sé sagart aifreann do rádh ar a chuid(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Mhathúna
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Letterkelly, Co. Clare
- Informant
- Seán Mac Gill Máirtín
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Letterkelly, Co. Clare