School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)

Location:
Letterkelly, Co. Clare
Teacher:
Seosamh Mac Dáibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 086

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 086

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 086
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    talamhacht tugann Dia aire dá mhuinntear féin, agus níorbh fhada gur cheap an sagart ar sheift. Dhéin sé bóthán beag d'adhmaid agus do shocruig sé suas ar an dtráígh é, talamh nách raibh seilbh ag aoinne air. Nuair a bhíodh an taoide íseal léigeadh sé an t-aifreann dos na daoine ann. Níórbh fhada gur cailleadh an Colphuiseach, agus níl a sháisg ná a thuairisg le fágháíl ann anois. Acht tá an fíor creideamh go beó láidir ann fós. Annsan tháinig fear carthannachta cun na háite, agus tógadh teampall Cill Bheatha ann, agus istig ann tá an bothán adhmaid le feisgint ann go dtí an lá indiu, ag cur igcuimhne don phobal an méíd d'fhulaing, a shean agus a sinnsir ar son a gcreideamh.

    Bhíodh sagart ag rádh an Aifrinn timcheall ceithre nó cúig de mhílte ón áit seó, sé sin ó Litir Úi Cheallaigh, inaice na háite a bhfuil séipeil Cóore anois. Bhí cogadh ar siubhal san am sin. In aice cairnéil mhór a bhíodh sé a rádh an aifrinn. Sé an sórt altóra do bhiodh acha, ná cúpla carraigeacha mór leaghtha ar a gcéíle agus clár adhmaid síos ortha, agus cúpla crosna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Mhathúna
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Letterkelly, Co. Clare
    Informant
    Seán Mac Gill Máirtín
    Gender
    Male
    Age
    77
    Address
    Letterkelly, Co. Clare