School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)

Location:
Letterkelly, Co. Clare
Teacher:
Seosamh Mac Dáibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 105
  3. XML “Ainmhithe Allta”
  4. XML “Ainmhithe Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn an arc luachra le fagháíl ins na portaigh. Deirtear gur mí-ádhmharach do dhuine, arc luachra dul isteach na bholg amr go mbeadh an fíor-gortach air igcómhnuidhe. Ní sásócadh aon bídh é.
    Tá leigheas i ceann an eascon cun warts. An té a chuireann a theanga ar arc luachra bíonn leigeas aige ar dhuine a bheadh dóighte leis an dteine.
    Fear maith reatha, deirtear go bhfuil sé cómh méar le girrfiadh Márta.
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag obair in a phortach lá amháin. Do luighe sé ar an dtalamh agus do thuit a chodladh air. Bhí arc luachra ins an áit na raibh sé na chodladh agus chuaidh sé isteach na bhéal agus sios 'na bholag. Tháinig an fear abhaile, agus d'innis sé an sgeal go léir dá athair agus dá mháthair. Bhí sé ag cuimhneamh cad ba dhó a dhéanamh. Do cheangal sé a chosa agus crocadh é as bárr an tíghe agus a cheann síos fuair siad pláta feóíl agus é rósta. Cuireadh faoi (?) na bhéal é. Annsan fuair an arc luachra boladh na feola agus thaínig sé amach agus marbhuigheadh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. newts (~8)
    Language
    Irish