School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)

Location:
Letterkelly, Co. Clare
Teacher:
Seosamh Mac Dáibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 011
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh tinncéir isteach go dtí tígh an t-sagart uair amháin. Bhí an sagart óg agus an sagart pharóíste istig. D'innis an fear bocht a sgéal dóib agus d'íarr sé airgead ar na sagairtibh. Thug an sagart óg raol dó agus thoisnui sé ag gábháil buidheachais, "go sábhálaidh Día thú ar seisean." Thug an sagart pharóiste dhá scilling dó agus bhí sé mór buidheach dó, "Go sabhálaidh Día is Muire thú ar seisean. D'íarr an sagart óg air cad é an deifríocht atá idir, Go sabhálaidh Día agus go sabhalaidh Díá is Muire thú, A athair arsa an fear bocht scilling is réal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Mháile
    Gender
    Female
  2. Bhí fear bocht aon uair amháin ag siúbhal an bhóthair. Do bhí an lá té agus do bhí ana-thart ar an bhfear bocht. Do bhuail sé fé dhéin tíghe fheirmeóra. D'iarr sé deoch ar mhnaoi an tighe sin acht ní fhuair sé í. Cé go raibh fiche bó ag muinntir ag tighe sin ní thabharfadh bean an tighe deoch don duine bocht D'imthigh sé leis. Chonnaich sé tigh beag cinn tuighe in aice an bhóthair agus bhuail sé na treó.
    "Ar lorg díghe a tháinigh mé chúghat," a bean mhaith ar seisean leis an mnaoi a bhí sa tigh sin. "Muise go bhfóiridh Dia orainn", ar sise, "ní bhíonn de bhainne agam'sa acht an braoinín a cheannuighim ó mo comharsain acht an braon beag atá istig agam
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.