School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- XML Page 102
- XML “Ainmhithe Allta”
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leo. Acht is amhlaidh d'éirig sé níos feargach acht indeire na dála d'éírig le Naomh (?) Creice as Inis Díomáin deire do cur leis. Do ceangal an fear naomhtha seo é le slabhra ag bun na loca agus do mharbh sé é.Deirtear go raibh ainmhidhe mhór in Inis Chathaigh ag déanamh sgrios ar fud an oileán uair. Deirtear gur chuir Naomh Senán amach as an oileán é go loc Doolough, loc atá inaice le Sliabh Calláin cúig nó sé de mhíltibh o Sráid na Cathrach.Tá an broch go flúirseach i Sliabh Calláin acht ní híad na ceann coithcíannta in aon chor acht ceann ar a dtugtar the pig badger. Deineann sé a lán díoghbhála do mhuinntir na h-áite.
- Do bhí sionnach agus gabhar ag siubhal le céile lá bréagh Samhraid, bhí an lá go te, agus go brothalach, agus bhí ana thart ar an mbeirt aca, agus ní raibh mórán uisce le fághail. Do bhiodar ag siubhal go dtángadar go dtí coréíl mór, agus bhí sé go h-ana dhoimhin, agus chonnacadar uisce thíos ag bun an choréil. Do léim an gabhar síos ach níor léím an sionnach síos. Do stad sé ar bhárr an choréil, agus bhí sé ag machnamh, annsan do(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Chrádhfort
- Gender
- Female
- Informant
- Máirtín Ó' Leaferté
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Boolynamiscaun, Co. Clare