School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann uair amhain darb' ainm Seán Mahony a bhí ina comhnuidhe i Gleann Doimhin agus bhí sé ana láidir. Thug sé laogh ar a dhrom go dtí an baile mór lá. Is amhlaidh chuir sé dhá chois thosaig an laogh treasna a ghualainn agus thug sé leis é. Thug sé dá fhircín d'íme go dtí Inis lá eile. Thug sé ceann acu píosa den bhóthair agus d'fhág sé i bhfolach annsan é agus tháinig sé thar n-ais fé dhein an ceann eile agus sa slighe seo shrois sé Inis.
Bhí fear ina chomhnuidhe i Sráid na Cathrach darb ainm Tomás Malone agus bhí sé go h-ana mhaith cun ráis a rith. Lá bhí daoine ag obair i coiréal agus bhí sé 'na bhfochair. Thuit chlocha ar duine acu agu ní raibh aon slighe acu chun dul fé dhein an t-sagairt go mear agus rith Tomás treasna na pairche go dtí an t-sagairt a bhí ina chomhnuidhe trí mhíle ón áit.
Dinis Mach Mathghamhna a bhí ina chomhnuidhe i Gleann Doimhin, Sráid na Cathrach, bhí sé sin go h-ana mhaith chun seancuis agus sceúlta d'insint. Bhíodh sceulta mar geall ar "Claoine" a innsint aige.
Tomás Mach Liongsigh a bhí ina chomhuidhe i Caherogán bhí sé go h-ana mhaith cun féir do bhaint.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Mhathghamhna
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mach Mathghamhna
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cloghaun More, Co. Clare