Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trafrask, Co. Cork
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 288

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 288

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 288
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá alán liosanna ins an tír seo agus deirtear gur na daoine marbh a bhíonn istig ann. Ac ceapann cuid des na daoine gurbh iad na Tuatha De Dannan a dhein iad agus gurbh iad atá ionnta anois leis. Tá lios thuas i Droumleabh agus fadó do cití daoine ann san oidhche. Uair amháin do connaich duine éigin much istigh ann agus bhí sí ag rith mór thímceall istig ann agus in aon nóimeat cuaidh sí síos tríd an talamh. Úaireannta cítí fear istigh ann agus é ag tiomáint ba tríd an lios agus uaireanta cloistí ceol ann. Tá ceithre liosanna ins an paroiste seo agus tá síad ar agaidh a céile amach agus ceapann cuid des na daoine gurb aiteanna iad in a bhíodh saighdúirí i bhfollach. Do bhí fear in a cómhnaidhe in Eadargóil fadó agus do bhí lios in a pháirc. Lá amháin cuaidh sé amach cun é do reabadh. Do thosnuigh sé agus do bhí poll mór istigh ann. Núair a bhí sé ag raobadh do bhuail a ramain le rud éigin agus ceap sé gur sean corcán a bhí ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Concubhair
    Inscne
    Baineann