School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seo ag iománuigheacht i mBeag Innis nuair a bhíodar ceangailte.Bhuail duine éigint an peil leis an gcumán agus do thomáin sé síos chómh fada leis an bfairrge é.Chuaidh ceann de's na daoine ó Oilean Dairbhre síos chun é d'fághailt. Chrom sé chun é thógaint suas acht do stop tonn é.Rith sé uaidh agus lean sé é chómh fada le "Droichead na Dílise."D'eirigh bean as an dtonn annsan, agus dúbhairt sí leis go gcaithfeadh sé a gheallamhaint do chómhlíonadh.Chonnac sé an bean chéadna roimis sin, mar bhí sé féin agus fear eile ag iascaireacth oidhche amháin in-aice le Ceann Brí. D'eirigh stoirm agus chaitheadar amach an anchaire.Nuair a bhíodar chun é tharrac isteach arís ní rabhadar ábalta. Bhí an duine sin ana mhaith chun dul fé'n uisge, agus nuair a chuaidh sé síos chonnaic sé an bhean seo.Chuir sí d'iachaibh air geallamhaint a thabhairt di go raghadh sé leí an chéad uair eile a bheadh sé in-aice na fairrge, agus mar sin bhí sé gabhtha aici anois.D'imthigh sí as a radharc annsan, agus bhí an fear ag iarraidh teacht abhaile, ach do lean an(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Ó Murcadha
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry