School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 129
- XML “Seancheird”
- XML “Seancheird”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus cheapadar gur biotáile a bhí ann.
Do chuadar go dtí an faill agus bhí sé ag teacht an treó cucha agus níor dhein Seán aon rud acht a bhróga do bhaint de agus do thosnuigh sé ag snámh i dtreó an bhairrle.
Cheapadar go léir go raibh sé báidhte acht do thánaig sé i dtír saor leis an mbairrle, agus thugadar abhaile é. Nuair d'oscaileadar é cad a bhí ann acht geir agus annsan do thosnuig Seán ag déanamh coinnle.
Na giuerleidí a bhí aige ná píosa páipéir agus é déanta tímpeallach, agus snáth, agus nuair a bhíodh an geir leagtha do chaitheadh sé isteach san bpáipéar é agus bhíodh an snáth tríd.
Do lean sé ag déanamh coinnle ar feadh tamaill maith agus bhí gach aoinne buidheach dó mar ní raibh aon íle ann an uair sin. - Sa tseana shaoghal nuair a bhí túisgail na h-olla ag dul ar aghaidh in Éirinn bhíodh gach aoinne ag sníomh agus ag déanamh plainnín.Nuair a gheibhidís an plainnín thar nais arís ó’n(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry