School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Achadh Tiobraid
- XML Page 320
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bean fairrge lei imtheacht uirthi go mbeadh sí féin ina diaidh. Do iarraidh an fear di cad na thaobh nár imthig sí inéinfeacht leis an mnaoí. Dubhairt sí ná raibh aon gnó aici féin in éinfeacht lei mar go mbeadh sí sin ag ithe na feola fuaire.
Nuair beirtí aon leanbh san áit is amlaidh a ghoillfeadh sí a dóthain, agus nuair cailltí aoinne brisfeadh sí a croidhe ag gairí. Diarraidh a fear di lá cad na thaobh go mbeadh sí ag gol nuair beirtí na leanbaí óga, agus dubhairt sí leis mar go raibh crosa agus trioblóid an tsaogail rómpa, agus nuair cailltí iad go mbeadh siad imtighthe ón trioblóid go léir.
Do mhair sí mar sin go dtí gur tháinig lá ins an Earrac. Do bhí an fear ag dul ag treabhadh. Chuaidh sé ináirde ar a lochta, ag diarraidh rud éigin a bhain le'n a sheisearach. Cad do tharreochaidh sé anuas acht an cocall.(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Bean Uí Mhuircheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female