School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)

Location:
Aghatubrid, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Tiobraid
  2. XML Page 187
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá ba, beithidig, buláin, beitheadach baineann againn sa bhaile. Bail, as plur, an drimfhionn as Ciarraidhe srl. a cuirtear mar ainimeacha ortha. Deirid siad hóbhaile, hóbaile, hóbhaile iad nuair a beadh siad ag tiomáint na ba abhaile. Nuair a bheadh siad ag doras an cró, deireann siad cró isteach, agus hush isteac nuair a bhíonn siad ag dul isteach. Deireann siad such such suc nuair a bhíonn siad ag glaodach na gamhna cun na bainne.
    Tugtar cró ba mar ainim ar tig na mbó. Cuirtear raitheanach no aiteann mar easair fútha. Ceanghaltear bó maol le braigdeán ar a muineál. Curtar slabhra ar an staic sa bhfalla, an braigdean a cur isteach i lúb na lorga. Cuirtear lúb eile ar an mbraigdeán, ar eagla go ritfidh an téid. Ní tactfeadh inaoncor í. Cuirtear téad cnáibe ar ceann bó adharc. Cuirtear lúb ar a h-adharcha. Tugtar "súil" ar ar eagla go sgaoileadh sí leis. Crochtar cosa gamna ináirde
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Séamus Mac Shéamuis Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Occupation
    Seanchaí
    Address
    Cahersiveen, Co. Kerry