School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Achadh Tiobraid
- XML Page 132
- XML “Cruatán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a's í ar bárr an uisge ag imtheacht leis an ngaoith. D'imthig ceathrar fé na dhein, agus bád leo. Thógadar isteach leo i, acht bhí an t-anam imthigthe aiste rompa. Bhí sí caillte. Níor shúncáil sí in aoncor, mar bhí sí ag iompar leinbh.
DÓIGHTEÁNDóigh cruach féir i lár an lae. Lá breágh ciúin do beadh é. Las garsún cípín soluis fe'n a dein, agus múchadh i le h-uisge agus éadaighe. Bhí an féar chómh maith as bhí sé riamh, acht é "racáil" agus domáiste a bhaint de.
CREACH A THÓGHAINTNuair a bhíonn duine "searbhála" le cíos, agus n'fheadadh sé é díol, tagann an sriam é féin as achuid fear, as a philears. Tógann siad an stoch a bheadh rómpa. Bearfadh siad leo iad go dtí an cead baile is giorra dhóibh agus cuirfeadh sé iad isteach san pón annsan iad. Bíonn na píléars ag tabhairt aire dhóibh. I gcionn cuig lá ceantálfair(continues on next page)