School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)

Location:
Aghatubrid, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Tiobraid
  2. XML Page 113
  3. XML “Scéal Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an geata agus a chleith aige. Cé bheadh istig de'n geata acht seandraoí cinn liath. "An tusa atá ag coimeád na ba amach as an bpáirc"? ars mach an fheirmeóra leis. "Is mé go maith", adubhairt sé. "Cad é an reasún"? ars an buachaill "leis sin"? "Tá réasún maith agam" ar sé. "Bíos annsan agus bhí fhios agam go dtagfá sa ló, agus níor tháinigis". "Agus cad do báil leat díom" ars an buachaill "Tá liosacán thíos annso" ar sé, "agus táim istig ann, agus níl duine im' theannta acht mé féinig, agus tá cailín óg cun pósadh san áit seo dáirighthe (mar a mbeadh sí thíos ar íochtar na hÉireann as so) agus go raghfá inéinfeacht liom go dtabhairfidh liom cum féinig"
    "Seadh ragad is dóca" ars a mach an fheirmeóra Cathain a bheidmís ann"? ar sé, "Ní thógfadh sé dá uair a' chluig inaoncor dúinn dul ann" ar sé. Dubhairt an seandraoí annsan. "Imthig ort suas anois, agus chuir ort do chulaith éadaig is feárr agat, agus beidh do chapall féin san clóis agam nuair eirigheochair amach cugam". Seadh dimthig an buachaill, agus dhein sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish