School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scamaill: Má tagann scamaill ar an ngréin, bíonn droch aimsire ag teacht, acht má bhíonn aimsear breágh cugainn, bíonn an spéir go breágh glan.A grian: má théigeann an grian síos tráthnóna déanach dearg, bíonn aimsear breágh cugainn i gcionn tamaill. Ss geimhreadh má théigheann sí sin síos dearg bfhéidir go bhfaighfomm sioch. Nuair a bíonn an aimsear cun briseadh tagann scamaill ar an ngréin agus ní móide go bhfeicfeá inaoncor í, le gálaí agus le báistig.An gealach: má éirigheann sí go breágh glan, sin cómhartha maith. Má bhíonn scamaill uirthi agus iad ag rith i gcoinnibh ar buille sin cómhartha droch aimsire, agus gálaí. Má éirigheann sí agus a táir ináirde, sin droch ré agus droch aimsire a gheobhair as. Nuair a bhíonn a leath caithte (béal ceathrú a tugtar ar sin) bfhéidir go bhfaighfeá an cuid eile aici go breágh annsan. Nuair a bhíonn aimsear breágh againn cidhfir go breágh glan í ins an spéir breágh glan.(continues on next page)