School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 285
  3. XML “An Bráthair Rua Ó Súilleabháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bí cómhnaidhe ar an Bráthair Ruadh Ó Súilleabhaín ag Mainistir Átha Mhoír i bparóisde Cille Cróchán. Fear mór fionnadh-ruadh go raibh breicneach ann do beadh é is bhí sé an-árd. Bhí sé breis is ocht dtroighthe ar aoirde. Pé sgéal é bhí sé ar a teicheadh ós na saighdiúirí le linn Cromail agus cuaidh sé i bfolach in oileán na Scairbhíghe ach más seadh fuaireadar san amach é agus é ag guidhe i ndraib Faille. Níor fhéad na saighdiúirí teacht air go raibh a paidreacha raidhte
    aige ach an uair go raibh rugadar air agus cuireadar chun báis é. Is féidir an uaig fada caol d'feiscint fós in Oilean na Scairbighe mar a bhfuil an Bráthair Ruadh curtha.
    Ach níorbh bhfada go bhfuair drifiúir an Bhráthair Ruaidh caoi ar bhás a drítheáir d'agairt. Bhí sí ar aimsir i n-Oileán Dairbhire san tig, ina raibh na saighdiúirí ag ól tar-éis teacht ó Doir Fionáin dóibh. Bhíodar ag maoidheamh as an ngaisce a bhí déanta aca agus d'fiafruigh sí díobh ciacu díobh a mhairbh an cladhaire mór - an Bráthair Ruadh. D'fhreagair an fear a dhein é agus árdh-mórtas air mar gheall ar an mbeart a bhí déanta aige. Ach sar a raibh sé d'uain aige an abairt do críochnugadh do chuir sí sgian tré na croidhe siar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish