School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 283
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Cheap na daoine fadó leis, dá dtagadh na ba abhaile gan puinn bainne ist oidhche gurb iad na púcaí a bhain an bainne dhíobh.

    ....Bhí bean ann uair agus leog sí a bó amach ar maidin roimh a crúdh. Nuair a tháinig an bhó isteach ní raibh fiú amháin, dath an tae aici, agus mar sin a bhíodh sí gach aon mhaidin. Bhí iongnadh ar an mnaoi, cad do bhí ag teacht leis an mbuin. Leog sí amach í maidin agus d'aodhruig sí féin í. An fhaid is a bhí an bhó ag inbhear bhí an mhuc ag sgreadaig timcheall uirthe agus ní fheaca sí aon mhuc. Thug sí léi isteach an bhó, annsan, agus leog sí a dá ghlúin fúithe, agus do bhí sí ag guidhe chun Dé an bhó d'fhágaint aice. Do bhí an bhó ar fheabhas aice as san amach. Mhair an bhó go dtí go raibh sí ocht mbliadhna déag d'aois. Do cuireadh ar salann annsan í agus ní túisce san déanta ná go bhfuair bó cúig bliadhna bás. Dubharthas gur bheireadh cun siubhail í san mar bhó in ionad na bó a marbhuigeadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Baineadh na feirmeóií fadó móin na bliadhna in aon lá amháin.

    You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continues on next page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
    Language
    Irish