School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 276

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 276

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 276
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Chuaidh bean chun faoistine go dtí an Séipéal Nuadh i n-aice leis an gCoirreán tráthnóna Dé Sathairn.

    Chuaidh sí isteach san mBosga Faoistine a slighe is nach mbéadh aon mhoill uirthi nuair a thiocfadh an sagart. Níor thainig an sagart in aon chur an tráthnóna san agus thuit a codhladh ar an mnaoi.
    Nuair dhúisigh sí san oidhche chuaidh sí go dtí na dáirse agus bhíodar go léir dúnta. Chuaidh sí thar nais go dtí an áit céadhna arís. Níorbh fhada dhí ann nuair a tháinig an sagart ar an Áltóir agus d'fhiafruigh sé an raibh aoinne ann a fhreagrochadh an t-Aifreann. Níor labhair an bhean focal agus d'imthigh an sagart thar nais.
    D'innis sí a sgéal do'n sagart pharóiste agus dubhairt sé léi gabháilt chun an seipéil in aoinfheacht leis féin an oidhche 'n-a dhiaidh sin. Do chuadar chun an tséipéil agus tháinig an sagart ar an Áltóir amach san oidhche. D'fhiafruigh sé an raibh aoinne ann a fhreagrochadh an t-Aifreann. Dubhairt an sagart eile go raibh agus d'fhreagair sé an t-Aifreann. Nuair a bhí an t-Aifreann ráidhte dúbhairt sé go bhfuair sé airgead chun an Aifreann sin do rá, agus é ar an saoghal so, agus ná'r léigh sé é. Dúbhairt sé nách feicfear a thuille é freisin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.