School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Is cuma cé ólfaidh é, acht sé Dómhnal a dhiolfaidh as"
* * *
Deireann na sean daoine go bhfuil aifreann is fiche ag rith roimh duine i gcaitheamh na bliadhna, má bhíonn sé sa seípéal ó thosach go deire an chéid Aifrinn ar maidin Lae Nodlag. Aifreann na Cine Daonna iseadh é, a deiridh.
* * *
"Nodlag na bhfear an Nodlag mhór mhaith"
"Nodlag na mBan an Nodlag dá mheath"
* * *
Tugtar "Oidhche na Cuide Móire" ar oidhche roimh lae Coille. Deirtear aoinne ná íosfaidh a dhóthain an oidhche sin ná íosfaidh sé é go ceann bliadhna eile. Tugtar Oidhche na Coille Moíre ar an oidhche sin leis, acht ní fhéadar, cad na thaobh san, is dócha gur "Oidhche na Cuide Moíre" an ainm ceart do.