School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 237

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 237

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 237
  3. XML “Na Tithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus annsúd anáírde iad.
    B'é an trosgán a bhíodh aca ná bórd, raca, driosúr agus comhra. B'é an saghas ruda é an comhra, ná bosca mór adhmaid, ceithre cosa beaga fé, agus clúach mór air agus glas air. Istigh ins na cómhraí seo a bhíodh an mhin. Ar an driosúr a bhíodh áiristí an tighe. Ar an bhun seilp a b híodh na báisíní, agus bhiodh na mugaí ar an lár seilp, agus bhí gach saghas ruda ar an árd seilp. Ní bhíodh "lucht na bpíopán, ná "fir na gcathaoireach" ná "fear an bhainne" le feiscint ar an driosúr. Ní raibh tuairisg an oighin le fághail, acht an greideal. Ag ceann an raca a bhíodh suidheamh ag an dtuirn. B'é sin fear déanta an éadaigh. Bhíodh tlú lín le fáhail i dtighthe annso is annsúd. B'é sin úirlis meilte an lín. Is beag tigh ná raibh bró ann chun an choirce do mheilt. Úirlis a b'eadh é seo, go raibh cloch ar gach taobh de mhaide a bhíodh ag gabháíl tré lár na cloiche. Nuair a bhíódh an coirce meilte, cuirtí isteach i gcriathar é, agus deintí é do chriathairt, agus caithtí an cáthadh isteach i dtubán. Thuiteadh an fuighleach d'en bídh a bheadh in achrann de'n gcáhadh síos go bonn an tubáin. Dheintí leite de seo, ar a dtugtaí leite bhaghdáín. Bhíódh gráteár in gach tigh chun prátaí do sgríobadh i gcóir adhbhair an aráin - staimpí. Bhíodh trachanna ins gach tigh leis chun bídh na muc do chur isteach ionnta. Tá na trachann so le feiscint fós, bosga adhmaid, a bhfuil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish