Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- Raheen, Co. Kerry
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Diarmuid ‘ac Sheamuis an File Bhí file in a chomhnuidhe i nGleannFleisge suas le cead bleadhain ó shoin agus b’é b'ainm do na Diarmuid Ua Conchubhair ach Diarmuid ‘ach Sheamuis a glaoidhtí air. Do chomhnuigh sé i gCuimín a’ Bhric láimh le teorainn an dá Conndae – Corcach agus Ciarraidhe’
Do phós sé bean de mhuinntir Scannaill ón Ráth Mhór. Bhí sé comhgarach i ngaol le Fíngín agus Tadhg Ó Scannaill agus thagaidís adthuaidh thar cnoc go mine á feórrú. Tháinig duine acu – tá sé ráite gurbh’ é Finghín a bhí ann – isteach lá cruaidh Earragh agus do shuidh sé in aice na teine. D’fhiafruigh sé di cá raibh fear an tighe agus dubhairt sí go raibh sé amuigh a d’iarr ciseán móna. Le na linn sin bhí Diarmuid ag teach chun an dorais leis an gciseán móna. Do labhair Finghín sa chúinne agus dubhairt:-
“Tá an file seo ‘na asal mar mheasaim,
Ag tarrac na móna chughainn.”
Ac d’fhreagair Diarmuid mar seo:-
“Is chun Loirgne Bacaigh do bhreacadh
Do ceapaidh an mhóin ar dtúis.”Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:-
Domhnall Ua Loingsigh
A Sheoladh:- Cluain Caoin, GleannFleisge, Cill-Airne
A aois – 72. Slighe beatha – feirmeóireacht.- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Loinghsig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cloonkeen, Co. Kerry