Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 031
- XML “Slí na Naomh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an sgéal do’n duine a bhí ar a chúl féin agus chuaidh an sgéal ó dhuine go duine amhail sin gur shrios sé an fear deiridh. Agus bhí an oiread san díobh ann, na raibh an fear deiridh tar-éis Tobar na Naomh d’fágaint go fóill agus do rug sé leis na leabhair agus na spéaclaí. Tá rian an leabhair agus na spéaclaí ann fós ar chloich.N.B.
Adeir seanduine Fíngín Ó Donnchadha, Gort Lice nach ceart an t-ainm sin “Slighe na Naomh” in aon chor, gur airigh sé a athair a rádh gurbh é an t-ainm ceart ar an dtobar ná – “Sileadh na Naomh.” Go raibh Naomh Fionnbarra ag léigheamh Aifrinn ar Dhrom-a-Bhráca agus gur theip air uisge d’fagháil i ngar do. Níor dhein sé ach Fíoghair na Croise a dhéanamh ar an gcloich le’n a bhachall agus do phléasg fíor-uisge amach as an gcloich agus nár stat sé riamh de’n síleadh ó shoin anuas i gcómhnuidhe, agus gur tháinig sruthán eile isteach ann leis an aimsir.Ainm an duine a bhfuaireas an sgeal uaidh:- Domhnall Ua Loinghsig
A Sheoladh – Cluain Caoin, Gleann Fleisge, Cill-Áirne
A aois – 72 bl.
Slighe-bheatha – Feirmeóireacht.- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Loinghsig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Chaoin, Co. Chiarraí