Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Diarmuid 'ac Sheamuis an File

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Diarmuid ‘ac Sheamuis an File

Bhí file in a chomhnuidhe i nGleannFleisge suas le cead bleadhain ó shoin agus b’é b'ainm do na Diarmuid Ua Conchubhair ach Diarmuid ‘ach Sheamuis a glaoidhtí air. Do chomhnuigh sé i gCuimín a’ Bhric láimh le teorainn an dá Conndae – Corcach agus Ciarraidhe’
Do phós sé bean de mhuinntir Scannaill ón Ráth Mhór. Bhí sé comhgarach i ngaol le Fíngín agus Tadhg Ó Scannaill agus thagaidís adthuaidh thar cnoc go mine á feórrú. Tháinig duine acu – tá sé ráite gurbh’ é Finghín a bhí ann – isteach lá cruaidh Earragh agus do shuidh sé in aice na teine. D’fhiafruigh sé di cá raibh fear an tighe agus dubhairt sí go raibh sé amuigh a d’iarr ciseán móna. Le na linn sin bhí Diarmuid ag teach chun an dorais leis an gciseán móna. Do labhair Finghín sa chúinne agus dubhairt:-
“Tá an file seo ‘na asal mar mheasaim,
Ag tarrac na móna chughainn.”
Ac d’fhreagair Diarmuid mar seo:-
“Is chun Loirgne Bacaigh do bhreacadh
Do ceapaidh an mhóin ar dtúis.”
Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:-
Domhnall Ua Loingsigh
A Sheoladh:- Cluain Caoin, GleannFleisge, Cill-Airne
A aois – 72. Slighe beatha – feirmeóireacht.

Faisnéiseoir
Domhnall Ua Loinghsig
Inscne
fireann
Aois
72
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cluain Chaoin, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge