School: Clochán (roll number 14987)

Location:
Cloghane, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin

Filter stories

Back
/ 152 Forward
Resolution: Low | High
An tAonach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Níl aon aonach anos anois agus ní raibh fadó. Acht bhí fear ón Daingean ar ab ainm dó Muiris an Fheóla ag teacht go Clochán cúpla uair sa bhlian ag díol agus ag ceannach gamhna. Uaireannta bhíodh ualach mór gamhna aige agus uaireannta ní bhíodh. Nuair a bhi na gamhna ceannuighthe aige cuireadh sé iad isteach i bpáirc ar abaim dó an clochar. Uaireannta nuair a bhi sé ar meisce cailleadh sé ceann des na gamhna.
Tá aonach i gCaisleán Uí Ghréighre agus in Daingean Uí Chúise uair san mí. Fadó nuair a bhí na beithidhigh díolta aca ceangluigheadh siad píosa córda ar a h-eirbeall, acht marcálann siad na beithidhigh anois le siosúr, nó le breasail, nó le pluid. Na príomh aonach de capaillibh i dTráighlí La le Pádruig, Domhnach Cásga, agus an céad

(continues on next page)
Collector
Mícheál Ó Duínn
Gender
male
Address
Cloghane, Co. Kerry
Informant
Seán Ó Duínn
Gender
male
Age
65
Address
Cloghane, Co. Kerry
Language
Irish