School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ráiseanna Naomhág. Ní raibh an naomh acht aon bhliadhain amháin aige Pádraig Ó Catháin (Peats Micky),; Mícheál Ó Catháin, Mhuiris,; Pádraig Flint Ó Guithin; Seán Eóghain Ó Duinleí. B'é an chéad naomhág í a tháinig san Oileán. Fágruigheadh go mbeadh rás naomhóg theas i gCus Fionntrágha. Chuireadar féin le chéile go raghaidís ann le na naomhóg nuadh. Deireadh na sean daoine leó ná raibh aon mhaith dóibh ann mar ná raibh a ndóthain eóluis aca do gheasgaibh ná raibh sí i bhfad aca - chuadar ann go háirighthe. Nuair a tháinig am an ráis suas, do bhí naomhóg eile ollumh chun dul na gcoinnibh. Bhíodar san as dhá pharróiste, ó pharróiste Mharthan agus ó parróiste an fheirteirig, do cuireadh an dá naomhóig san t-siubhal

(continues on next page)
Language
Irish