Scoil: Cloonacool (uimhir rolla 4802)

Suíomh:
Cloonacool, Co. Sligo
Múinteoir:
Seán Ó Blioscáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0171, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0171, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloonacool
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    san abhainn agus gur cheart dúinn na beithidhigh a chur ar láimh shábhála. Ach mo léan! nuair a shroiceamar an portach chonnaiceamar go rabhamar deireannac. Ní portach a bhí ann a thuille ach loch mór. Ach cá raibh na beithidigh - an rabhadar báidte? Ní raibh. Oileán de shórt éicint a bí sa sean-lios agus ar a bharr fá scath na gcrann seadh bhí na beithidhigh. Bhíodar slán ach ní fhéadamar iad a shroicint. Bhí loch mór uisge eadar sinn agus iad agus ní raibh aon chaoi againn le n-a dtabhairt tar an loch sin. Ag dul i méid a bhí an tuile freisin agus ba léir dúinn nach raibh seans dá laighead go bhféadfaí teacht i gcabhair ar na beithidhigh go gceann cupla lá. Bhíomar trom-chruidheach go leór. D’féadfaí an scéal bheith i bhfad níos measa ach ní bhéadh an cíos againn i gcóir láe an ghála agus níor mhaith linn aghaidh a thabhairt ar an agent gan an airgead. Abhaile linn. Shuidheamar cois teine ag cur is ag cúiteamh. Bhí an oidhche ann fá seo, é ag gléaradh báistighe, é chomh dubh le pic. Ar an mbóithrin agus sinn ag teacht abaile bhíomar go glúnabh sa gclábar agus bhi na bróga bainte dínn anois. Ní raibh solas sa teach ach an méid solais a thug an teine uaithe. Leis sin chonnaiceamar lasair a dul tar an bhfuinneóig. “Teinntreach” a dubhairt mé ach niorbh cadh mar thainig sé ar ais agus ar ais go ndeachaidh tart ceithre uaire. Ghabh scannradh sinn. Dhearcamar ar a chéile gan focal ag aoinne againn. Ar an bpoinnte chualamar torann ar an sráid. Mhéaduigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge