School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 383
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sgéal
Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Bhí aon mhac amháin aige. Ní raibh sé i bhfad pósta gur cailleadh an bhean air. Bhí an fear an cráidhte in-a dhiaidh. Lá amháin tháinig bean óg isteach aige, agus phós sí é. Nuair a bhí an buachaill dhá bliadhain déag d'aois chuir an bean é ag tabhairt aire do bheithidhigh ar sliabh. Nuair a thagadh sé abhaile ní tiubhradh sí le n-íthe dhó acht (ac) braon uisce fuar.
Lá amháin nuair a bhí sé ag tabhairt aire do na buaibh ar an sliabh, tháinig tarbh fiadhan aige. Tháinig faitchíos air i dtosach. Nuair a tháinig an tarbh chuige dubhairt sé leis an mbuachaill an adhairce bhaint dhó agus go ngeobhadh sé biadh agus deoch as. Bhain an buachaill na h-adhairce de'n tarbh agus fuair sé neart le n-ithe ann.
Nuair a bhí a dhóthain ólta agus ithte aige chuaidh sé abhaile. Nuair a bhí sé sa mbaile leagadh a bhéile faoi agus dubhairt sé nach raibh sé ag teastáil uaidh go raibh a dhóthain ithte agus ólta aige. Dubhairt an bhean leis go ngeobhad sí amach céard a bhí ag tabhairt an bhiadh dhó. Dubhairt sí leis na (beidtigi) beithidhigh a tiomáilt abhaile an tráthnóna seo. Nuair a bhí sé ag tabhairt aire(continues on next page)- Informant
- Máirtín Ó Chonghaile
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Chloch Scoilte, Co. Galway