School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 357
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Bhí aon mar amháin aige. Ní raibh sé i bhfad pósta, gur cailleadh a bhean air. Bhí an fear an-cráidhte in-a diaidh. Lá amháin tháinig bean óg isteach aige agus phós sí í. Nuair a bhí an mac dhá bhliadhais déag d'aois chuir an bean é ag tabhairt aire do bheithidhigh an sliabh. Nuair a thagadh sé abhaile ní thuibhradh sí le n-ithe dhó ach fataí agus ní thuibhfadh sí le n-ól dhó ach braon uisge fuar. Lá amháin nuair a bhí sé ag tabhairt aire do na buaibh ar an sliabh tháinig an tarbh chuige dubhairt sé leis an mbuachaill na adhairce a bhaint dhó agus go ngeobhadh sé biadh agus deoch as na adhairce. Bhain an buachaill na adhairce de'n tarbh agus fuair sé neart le n-ithe ann.
Nuair a bhí a dhóithain ólta agus ithe agus chuaidh sé abhaile. Nuair a bhí sé sa mbaile leagadh a bhéile ós a chómhair agus dubhairt sé nach raibh sé ag teastáil uaidh go raibh a dhóthain ithe agus ólta aige. Dubhairt an bhean go bhfuigheadh sí amach céard a bhí ag tabhairt an bhiadh dó. Dubhairt sí leis, na bathidhigh a thiomáint abhaile ag an tráthnóna seo. Nuair a bhí sé ag tabhairt aire do na buaibh tháinig an tarbh arís agus d'ith agus d'ól sé a dhóthain. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile thionáin sé na beithidhigh abhaile roime. Leagadh a bhéile faoi aríst agus dubhairt sé nach raibh sé ag teastáil uaidh go raibh a dhóthain ithe agus ólta aige.
Dubhairt an bheanleis go nggeobhadh sí amach céard a bhí ag tabhairt an bhiadh dhó. Leagadh a bhéile faoi aríst agus dubhairt sé nach raibh sé ag teastáil uaidh. Dubhairt(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. Galway