School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 349

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 349

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 349
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cailín in-a suidhe ar stól mór agus bhí slaitín draoideachta i láimh na mná. "Tar isteach," adubhairt an t-Sean-bhean tá mé ag ceapadh nach bhfuil mórán maitheasa leis an mbuachaill bheag sin, "cé'n t-ainm atá air." Tomáisín adubhairt an dearbhrathair. Annsin dubhairt an t-Sean-bhean leo, "tabhair dom glac brosna as an gcoill agus fág tomáisín bocht annseo níl sé indon tada a dhéanamh.
    Nuair a bhí na dearbhrathaireacha eile imthighthe ag an gcoill chuaidh Tomáisín ag an doras dúnta agus chuir sé cluas air féin agus chuala sé bean beag ag rádh, "déan pota min-coirce agus cuir gráinne de'n nimh isteach in-a lár. Glaodh ar Tomáisín anois, adeir sí le ceann de na cailíní níl sé acht imthighthe amach annsin. Nuair a chuala Tomáisín é sin rith sé comh maith is bhí sé indon agus fuair sé píopa de crainn leaghta ar an talamh. Chuir sé suas ar a dhruim é, agus nuair a tháinig sé comh fada leis an teach dubhairt bean an tighe leis, tá tú in do bhuachaill maith, "tá mé ag ceapadh go bhfuil ocras ort anois a mhaicín". Bhí ocras ar Tomáisín agus dubhairt sé, "muise tabhair dom braon de," "Tá sé annsin ins an gcorcán agus bí gá ól leat", adeir sí. Bhí Tomáisín ag ól an min-coirce go dtáinic sé comh fada leis an nimh a bhí i lár an phota, annsin bhí sé ag caitheamh an min-coirce in-aghaidh na talmhan go raibh sé ar fad dóirte aige. Annsin tháinic na dearbhrathaireacha eile agus thug an tSean-bhean cupán tae ag duine dóibh, agus sul ar imthigh siad a chodhladh ghlaoidh an tSean-bhean ar na cailíní siar sa seomra agus chuaidh Tomáisín comh fada leis an doras agus d'éist sé, agus chuala chuala [!] sé an bean ag rádh, "cuirfidh mise deireadh leis na stransaerai sin", agus anois agus dubhairt sí leis na cailíní "díbreochadh muid iad ambáireach le congnamh Dé." Nuair a d'éirigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0327: The Children and the Ogre
    Language
    Irish
    Informant
    Dominic Ó Fhaodhagáin
    Gender
    Male
    Age
    44
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Chéibh, Co. Galway