School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 324
- XML “Filí na hÁite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)timcheall na háite seo fado, acht níl aon filí timcheall ann anois. Bhíodh siad ag déanamh amhrán. Bhí filí ann, agus bhí an an cáil air, agus se an t-ainm a bhí ar Tomas Ó Loidheáin as an árd mór. Déireann na sean daoine go raibh cáil ar i bfad agus i ngarr. Ní raibh sé pósta, agus ní raibh móran le déanann aige acht ag fillideacht. Bhíodh siad ag fagháil pinghin no dhá pinghin as gach amhrán dhá déiraidís. Déireann cuid eile do na daoine go raibh an gaoth aige. Ní raibh sgoil bith aige, acht sé féin a deanfadh. gach ceann acu Ní raibh na sean daoine indon iad rád ceart, mar tá siad imtighthe as a gcuimhe. Táitnigh na filí go mór le na daoine go mór, mór san geimread nuair a bhíodh na h-oidhcheanta fada, bhíodh na daoine ag leannaint na filí ins gach áit ag súil le amhrán uatha, agus déireann cuid do'n daoine áta anois ann gur o filí a táinigh cuid do'n na amhrán. Bhí an fear sin ag déanann sgealta freisin. Nuair a bhíodh na filí ann bí cuid do na sean daoine togháil cuid do'n na amhrán uatha. Sin e an fear ba fhearr do na filí, déireann na sean daoine. Ní déireann aon duine achu aon amhrán gan airgead
- Collector
- Martáin O Cualain
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Beartlaí Ó Clochartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway