School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 262

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 262

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 262
  3. XML “Lá Fhéile Stiofáin”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tuirseac agus ag casad no go raibh an t-iolar ar an éan abaoirde d’fúgair sé amac is mise rí na n-éan. Act déirigh an dreóilín amac on a sgiathán (an) agus dfuagair sé is mise rí na h-éan. Ní raibh an t-iolar indon a dhul ní bfuide. O sin bíonn gasúir ag imteact leis an dreóilín Lá Féile Stiopáin.
    Tomás Breathnac, Calladhmhuighinse, Cárna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Oidhche Féile Brígidhe ¶ Tagann oidhche féile brigidhe ar an oidhche deire do Mí Eanair gac blian.

    Tagann oidhche Féile Brigidhe ar an oidhche deire do Mí Eanair gac blian. Cuireann gac duine cróiseanna beága amaid suas ar taobh an tighe an oidhche sin n-ónoir do Naomh Brigid. Deirtear nac báoghal do aon droc-umeas na aon droc rud eile a teacht ar aon duine do muinntir o'n oidhche sin ar féadh na bliadna go dtí an céad oidhche Brigidhe eile.
    Nuair a thágann an céad oidhche Brigidhe eile dóigeann siad ar an teine iad agus cuireann siad croiseanna nua suas. Deireann an cuid is mo do na daoine gur mar geall ar crois béag a bhíod ag imeacht ag Naomh Brigid i gcomnuidhe a cuireann siad suas iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.