School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Caodhlaigh an t-ainm a bhí ar an bhfear a bhí in a chomhnaidhe ins an teach roimhe sin. Lá amháin leigeadh an cú seo in a dhiaidh agus bhí sé an-ghar dó nuair do rith sé isteach ins an teach. Bhí an cú dá cuartughadh annsin agus fuair sé é síos i bosca féar agus marbhuigh sé é. Tugadh a bhaile an girrfiadh go dtí an teach a raibh an cú in a comhnaidhe agus crochadh suas ar an mballa é acht ar maidin bhí sé imthighthe. Díoladh an cú annsin le fear as Co. Luaghaighe agus thug an fear abhaile é acht tar éis cúpla lá bhí sé ar ais arís agus rith sé isteach go dtí a mháighistear agus thosuigh an cú ag caoineadh ar a dhícheall. Tháinig an fear as Co. Luaghaighe arís agus thug sé an cú leis act níor mhar an cú acht cupla lá mar bhí sé go h-an-bhrónach. Níl fhios agam c'én chaoi ar bhfuair sé an bealach a bhaile amach act ar chor ar bith tháinig sé ar a chosaibh féin
- Collector
- Seán de Bláca
- Gender
- Male
- Informant
- Máire de Bláca
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female