School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0092
- XML “An Deachú”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An DeachmhaidheBhí fear tuaithe ann a raibh dáréag mac aige gan inghean ar bith. Bhí fear feasa ag dul tart lá amháin agus labhair sé leis an bhfear.
"Tá dáréag mac agat" ars an fear feas[a] leis.
"Tá" ar seisean. "Nois" ars an fear feasa leis "má bhíonn an tríomhadh mac deág agat béidh deachmhaidh agat agus tá sé i gcinneamhaint deachmhaidh nach n-éireóchai[dh] leis posadh go bráth mara bhfághaidh sé deachmhaidh eile a phosfas leis".
"Tá sin ráidhte" ars an fear. D'éirigh leis an bhfear gur rugadh an deachmhaidh do, an tríomhadh mac deag. "D'fas an deachmhaidh go dtáinig sé go h-aois fir".
"Tá se comh maith dhom a dhul agus companach a sholáthar dom fhéin mar is cosamhail nach bhfuil a fághail ann gan soláthar ar a son" ar seisean.
D'imthigh leis go ndeacha sé an-fha[da] as baile. Sa deireadh chonnaic sé teach beag uaidh déanta isteach i móta chlaidhe agus tharraing sé air.
Chuaidh sé gur bhuail sé ar an doras agus leigeadh isteach é. Fiafruigheadh dhe ce raibh sé ag dul.
"Táim ar thóir an deachmhaidh" ar seisean. "Muige maise má táir"(continues on next page)- Collector
- P. Ó Díscín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Halliday
- Gender
- Male
- Address
- Dalgin, Co. Galway