School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thabhairt duit nó a rádh "a ghiolla an chapaill bháin, cé'n leigheas atá agat do'n triuch" agus an rud adéarfas seisean tá sé cheart is cuma fánach no eile é.
Tagann tinneas cinn ar óg agus ar aosta. Sé an leigheas is fearr, an chloigean a thomhas le snáithe olna trí Luain i ndiaidh a chéile. Bíonn an tinneas fiacail ar óg gus ar aosta freisin agus is pian cruaidh é. Tá leigheas aisteach do'n tinneas fiacail. Bhí tinneas fiacail ar mo shean-mháthair agus chuaidh sí go dtí fear a raibh pisreóg aige. Chuir an fear i n-a glúnaibh í agus dubhairt sí rud éicint nár thuig sí. Annsin scríobh sé rud eicint i bpáipeir agus thug sé di é.
Dubhairt sé, an fhad a choinnóchadh sí an páipéir sin nach dtiocfadh an tinneas fiacail uirri. Acht dógadh an páipéir agus annsin tháinic an tinneas arís. Is iomdha uair a geibheann duine pian sa mbolg agus bíonn sé géar nuair a thiocfas sé i gceart. Bruitheann daoine an bhuachaill tighe í leamhnacht agus ólann siad é mar leigheas. Má gheibheann paisde pian sa mbolg craithtear é sé nó seacht n-uaire.
Má gheibheann duine pian sa gcliabhrach (cléithín) déantar cáca mhin-coir-(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Gender
- Female