School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0044
- XML “An Maistreadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ceann de na sean-chuinneóga luithne atá again[n] sa mbaile. Tá clár mór air agus tá an luithne ag teacht suas tríd an bpoll.
Bligheann mo mháthair na ba gach maidin agus gach tráthnóna agus tugann sí isteach é i dtigh an bhainne annsin agus sgagann sí é. Annsin cuireann sí an bainne isteach san inneall deighilte agus deighleann sé sin an t-uachtar d'en bhainne. Déanann sí sin gach maidin agus gach tráthnóna ar feadh cupla uaire agus anns[in] bíonn cuid maith bainne ann annsin le maistreadh a dhéanadh.
Glanann sí an chuinneóg go maith agus sgiúreann sí é agus cuireann sí an bainne isteach agus bíonn sé réidh le déanadh acht shul dá dtosuigheann sí cuireann sí splainncín beag faoi mar is pisreóg é si[n].
Bhí bean suas i bhfearta Gearr fadó agus bhí dhá bhó bhainne aic[i] agus bhí beirt inghean ag déanamh an maistreadh aon tráthnóna agus tháinig duine bocht isteach ag iarraidh déirce. Thug bean an tighe cathaoir dó le suidhe síos ag an teine. Dubh[airt] ná mná óga nach rabhadar i ndhon an maistre[adh] a dhéanadh agus go rabhadar dá uair ag iarraidh(continues on next page)- Collector
- Seán de Bláca
- Gender
- Male
- Address
- Liskeevy, Co. Galway
- Informant
- Máire de Bláca
- Gender
- Female
- Address
- Liskeevy, Co. Galway