School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0031
- XML “Tiarnaí Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an-chruaidh ar na tionóntaí a bhí ann. Ba mhaith leis na tionóntaí faithchíos a chur air ionnus nach mbeadh sé dá gcéasadh níos mó. Oidhche amháin ghabhadh é agus tugadh amach ón-a theach féin é. Bhí cónra ag na daoine a ghabh é agus rinne siad uaigh chun é a chur síos 'san talamh agus é beó. Bhí an chónra ró-ghearr dó agus annsin dubhairt duine aca go mba cheart díobhtha giotaí dá chosaí a gearradh de agus annsin bheadh sé ceart.Ar feadh an ama bhí Maitiú ag impighe ar lucht a ghabhtha é leigint saor agus é ag rádh nach mbeadh sé dían ortha níos mó. 'Sa deireadh leigeadh saor é agus faitchíos an domhain air ach ní raibh na buachaillí ach ag magadh ar feadh an ama. Tugadh an chónra annsin go dtí teach an Bhóidcíneach agus leigadh é ar aghaidh an dorais mhóir. Rinneadar uaigh annsin agus chuireadar ainm an tighearna ar an gcónra.Nuair a dhúisigh an tighearna ar maidin bhí iongantas mór air faoi'n radharc seo agus nuair a chonnaic a bhean é scuab sí léi as an tír ar fad, leis an bhfaitchíos a bhí uirri agus níor tháinic sé arais arís.Nuair a bhíodh Maitiú ag trácht ar an aistear seo arís deireadh sé (bhí súil amháin aige dall) "Ní raibh agam ach aon t-súil amháin agus choinnigh mé sin dúnta."(continues on next page)
- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Address
- Clashaganny, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female