School: Gort na Léime (roll number 13012)
- Location:
- Gortaleam, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort na Léime
- XML Page 0299
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Scéal.Lá amháin bhí Gobán Saor agus a mhac ag siúbhal an bóthair. Bhí turas fada le siúbhal aca. Dubhairt Gobán Saor leis an mac "giorruigh an bóthar a mhic". Thosuigh an mach ag rith. Dubhairt Gobán Saor leis "mo léun thú a mhic." Nuair tháinic siad abhaile trathnóna. Dubhairt mac Gobháin Saor le n-a mháthair. D'iarr mo athair orm indiú an bóthar a ghiorrúghadh, Thosuigh mé ag rith, ach ní raibh sé sásta liom." Dubhairt an mháthair leis "nuair a déarfas d'athair leat an bóthar a ghiorrúghadh arís tosuigh ag innseacht scéal dó.
- Collector
- Micéal Ó Branáin
- Gender
- Male
- Address
- Woodfield, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Disgín
- Gender
- Male
- Address
- Woodfield, Co. Galway
- Lá amháin casadh Naomh Pádhraig le Oisin, agus deirtear gur mhúin sé an fíor chreideamh dhó, agus gur bhaist sé é. Nuair bhí Naomh Pádhraig ag baisteadh Oisin thuit an bacall uaidh, agus bualadh ar chois Oisín é, ghearr sé é, agus bhí a chos ag tabhairt fhola. Nuair bhí sé baiste ag Naomh Pádhraig, thug Naomh Pádhraig fa deara go raibh an bacall sáidhte(continues on next page)