School: Gort na Léime (roll number 13012)

Location:
Gortaleam, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0315

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0315

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort na Léime
  2. XML Page 0315
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar maidin bhíodh leite ag na daoine, no cathal, no sruthán aráin coirce agus bainne reamhar agus uibhneacha. San earrach uibheacha lachan is mó bhíodh acu. Theigheadh na fir amach ag obair agus deanadh siad roinnt maith oibre roimh an bricfeasta.
    Ba gnáthach gur arán, bainne ramhar, uibhneacha a bhíodh aca arís am dinnéir. Ní bhíodh aon cupáin ann fadó, naigíní bhíodh ag na daoine le n-ól asta.
    Dé Dómhnaigh bhíodh beatha ar leith eicint ag gach uile duine. Sa samhradh bhíodh feoil glasraí agus arán buide sin arán déanta le min buidhe agus plúr. Sa n-geimhreadh fataí gabáiste agus feoil. Oidhche mide ba ghnáthach anbhruith agus feoil bheith ag na daoinibh. Cearc mide is mo bhíodh i g-ceist an oidhche sin. Deireadh na sean daoine go mba ceart bruthán déanamh oidhche féile Bríghide mar bhí sé ráidhte go mba follamh an teach nach mbéadh bruthán ann an oidhche sin. Mar seo a déantaí an bruthán pota beag uisge a chur síos. Nuair bhéadh an t-uisge ag fiuchadh cuirfidh leat phláta beag mine síos air agus salann agus gráinne piobair. Ámannta cuirtí turnapaí ann gearrtha suas an-mhín. D'óladh na daoine an bruthán le arán coirce.
    Déanadh na daoine sgoith fadó. Mar seo a dhéanadh siad sin. Nuair a thagadh bleitheach abhaile ón muileann bhíodh brúnach agus grubáin indiaidh na mine bheith meilte. Cuirtí cupla pláta brunnaigh agus cupla pláta de na grubáin ar bogadh in uisge te agus d-tubán beag cláir. Cuirtí punann beag tuige anuas air agus gceann cúpla lá bhíodh an sgoith gearr. Bhíodh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish