School: Gort na Léime (roll number 13012)

Location:
Gortaleam, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0317

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort na Léime
  2. XML Page 0317
  3. XML “Bia na Seanaimsire”
  4. XML “Aráin na Seanaimsire”
  5. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Déantaí an cathal biorla mar seo. Cathal a dhéanamh sé sin fataí a glanadh iad chur síos ag bruith. Nuair bhéadh siad bruithte iad brughadh, bainne leamhnacht cur tríotha agus gas beag biorla a ghearradh suas agus é measgadh tríd an gcathal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sa t-sean aimsir bhíodh arán seaghail, arán coirce, arán buidhe ag na daoine, bhíodh bocstí freisin aca.
    Blas milis bhíodh ar an arán (buidhe) seaghail agus dath dubh. Déantaí aráin buidhe as mín buidhe.
    Maidir le arán coirce sé is mó bhíodh i g-ceist. Déantaí "Caisgin" pota go minic fadó. Sé sin cupla punann coirce thabhairt isteach, iad bhualadh - an lóchan a bhaint den gcoirce. An coirce a cur sios i bpota dá chruacan. Nuair a bheadh an coirce cruaid tógtaí suas é, agus deanfaidh, cuirfidh plúr ortha. Déanfaidh cáca annsin den mbocstí agus cuirfidh síos ag bruith ar greidill é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Nuair a bhíodh an truic ar páistí fadó théigheadh an t-athair no an mháthair amac roimh fear a bead capall bán aige ag iarraidh leigis air. Rud ar bith a déarfadh fear an chapaill bháin a thabhairt do na páistíbh leisfeadh sé an truic. Bhíodh leighis eile aca ar an truic nuair beadh páistí go dona leí. Sé sin an craiceann a baint de gráinneoig, agus í a bruith agus an anbhruith a thabhairt le n-ól do na páistibh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish