Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)
- Suíomh:
- Gortaleam, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort na Léime
- XML Leathanach 0301
- XML “Seanscéal”
- XML “An tSeanbhó Riabhach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cuaidh fear isteach eile ar cuairt oidhche amháin. Bhí pota ar an teine. Ba léar leis gur fataí bhí ann. Bhí súil aige go bhfuigheadh sé cuid aca. Bhí an pota ag bruith ar an teine ar feadh na h-oidhche agus nuair b'fada lé fear-a-tíghe bhí an fear eile ag fanacht, d'fhiafruigh sé dhe céard bhí uaidhe. "Tá mé ag fanacht lé cuid de na fataí" ar seisean. Labhair fear-a-tíghe, agus dubhairt "Tá fataí ar an teine do-nighte, do-sgiurtha, do-curtha síos, do-bhruithte. Tá an tuisge san abhainn, agus an pota leigeann tríd, agus muna bhfuil fataí agat féin dean do ghoradh leis an ngréin."
- Bhí fear fadó 'na chómhnaidhe in áit a dtugtar Buidhe-Abhnach air. Bhí sean bho riabhac aige. Fuair an bhó bás, agus chreid an fhear gur iad na sidheóga a thug leo í. Bhí brón mór air indiaidh na bó. Lá amháin bhí sé amuigh ag romhar talmhan inaice leasa(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraic Pléimeann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Woodfield, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Labhrais Ó Ciaráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Boyounagh, Co. Galway