Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0304

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0304

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort na Léime
  2. XML Leathanach 0304
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Paidrín Páirteach i ngáirdín Pháiris
    Ag moladh na máthar bhí riamh gan locht
    Aon Mhic Mhuire, agus athair na ngrásta,
    Go réitigh tú an chás do'n t-anam bocht.
    Máire Bean Ní Leóin, Ceathrú-an-Trádhaile, Dunmór
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Pléimeann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Leóin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú an Traighle, Co. na Gaillimhe
  2. Paidir a mhúin an leanbh dhom féin
    Mo shúile musgailt le glór na n-Éan
    Mo ghlúnaí lúbadh ag agairt Mhic Dé
    lé grádh de'n lúib Cuartha
    Bhí sgartaí ar an gcraoibh

    Eirighim suas le Dia
    go n-eirigidh Dia liom
    láimh Dé in mo thimceall
    ag suidhe agus ag luighe
    'S ag eirighe dhom
    Mairéad Bean Uí Phléimeann, Coille Cocla, Dúnmór
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.