Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh

Scag na scéalta

Siar
/ 0362 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Nuair a thagann gealach nuadh má bhíonn sí díreach ar an spéir sin cosamhlacht go mbeidh sí go h-olc, agus má bhíonn realtóg os a cómhair amach sin cosamhlacht eile freisin go mbeidh sí go h-olc, mar deirtear go mbíonn an realtóg ag iarraidh coimirce ar an ngealaigh.


Má bhíonn an ghealach nua ar a druim beagnach, beidh sí go maith, mar deirtear go mbíonn an gealach sin indon an fhearthainn a choinneál suas.

Má bhíonn ceo ann le linn sean ghealaighe, beidh fearthainn againn go cinnte, acht ceo le linn gealaighe nuaidhe, beidh aimsir bhreágh againn, mar níor tháinic ceo sean ghealaighe ariamh agus tart air.

Má thagann an spideóg isteach ar lic an dorais deirtear gur cosamhlacht sneachta é sin.

Nuair bhíonn aimsir briste againn bíonn na cearca 'ghá bpiocadh féin ar aghaidh na gréine, agus má bhíonn sé ag fearthain ar maidin agus ma feictear an coileach 'gá phiocadh féin agus ag glaodhach, sin cosamhlacht go n-eireóchaidh an lá suas go breágh.

Pádhraic Pléimeann
Coille Cotla
Dúnmór

ó Seán Ó Dísgín
Coille Cotla

Bailitheoir
Pádhraic Pléimeann
Inscne
fireann
Seoladh
Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Disgín
Inscne
fireann
Seoladh
Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge