Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)
- Suíomh:
- Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- má goireaun an chuach go luath sa samhradh nó sul má bíos na duilleabhair ar na crainn sin cosamlacht go mbeidh an bhliadhain sin gann agus go mbeidh beatha daor.Cuireadh na sean dhaoine maide beag síos i linn nó i n abhainn oidhche Nodhlag beag agus dá dtagadh fearthainn an oidhche sin agus dá mbeadh an t-uisce chomh h-árd leis an maide ar maidin an chéad lá de'n mbliain nua d'abruigheadh siad go mbeadh an bhliain sin go h-olc agus go mbeadh beatha daor.Ré na Samhna - má fhágann Ré na Samhna an ghaoth ó'n taobh ó dheas beidh an bhliain nua go maith, beidh aimsir bhreág againn agus beidh bharanna maithe amuigh. Má fhágann Ré na Samhna an ghaoth ón taobh ó thuaidh, beidh an bhliain nua go h-olc, aimsir chruaidh fuar, agus fágfaidh sin go mbeidh droc bharanna amuigh.
- Bailitheoir
- Pádhraig Pléimeann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Miceál Mag Oireactaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Uí Chonchúir, Co. na Gaillimhe