Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort na Léime
  2. XML Leathanach 0320
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal --
    Rinne Pádraic mór rud eicint bon-os-cionn, agus bainead a phost de ar fead tamaill beag. Bhí sé dul suas go Ceathramhach an-Tradhaile ag fághail Párdún. Bhí fear bocht caithte os a seilbh sa mbaile seo inaice leis an áit ar a dtugtar tobar na gclog. Bhí se ag bruith pota fataí le h-agaidh a bricféasta féin agus na bpaistí, istigh i mbóthán beag. Chuaidh Pádraig isteac agus thóg sé suas é agus bhrís sé é dhóirt na fataí agus dubairt leis an bfear. "A bhitheamhnaigh is tusa agus do leitide is cionntac liomsa bheith as mo posta le goirid"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Pleamonn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Dómhnalláin
    Inscne
    Fireann
  2. In aimsear nios deirnighe [?] ná an tam bfuil tracht agam air annseo. Cuireadh bean eile ar an mbaile seo as a seilb. Ní hí Pádraigh bhí na bháile annsin, act fear muinntreach dhó Ciarán eile. Caitheadh amach an bhean seo, agus a h-ingin, agus bhí siad amuigh ó Shamhain go Bealtaine - i rith an Geimreidh Rinne siad botháinín beag deas ar taob an bhóthair. Níl an áit seo i bfad ó'n ait bhfuil mé ag comhnaidhe i ndeiread an aibréan D'íoc fear bhí in nDúnmór darb ainm Mac Dhómhnaill an cíos dí Cuir sé sgéal chuicí go raibh an cios íoctha. Nuair cuala sí an sgeal sin. Thosuigh sí ag tabhairt an trosgáin isteach agus d'osgail sí an doras. Bí na cómharsana go léir ag crionnúghadh isteach ag déanamh cóghárdacas leí. Is gearr go bhfuil [?] siad an baille ag teact. Tháinich sé isteac. thug sé ordú do'n meid bí istigh imteact amach, Cait sé amac an trosgán ar fad. Muc an teine.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.